Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 13:2-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir?

3. Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.

4. Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?

5. Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.”

6. Dúirt sé an parabal seo: “Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair.

7. Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’

8. Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: ‘A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis,

9. agus b'fhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.’ ”

10. Bhí sé ag teagasc i sionagóg lá sabóide.

11. Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti á déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith.

12. Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: “A bhean, tá tú fuascailte ó d'éagruas,”

13. agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.

14. Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.”

15. D'fhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?

16. Agus an bhean seo, is iníon d'Abrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?”

17. Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 13