Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 13:16-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Agus an bhean seo, is iníon d'Abrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?”

17. Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.

18. Agus dúirt sé: “Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í?

19. Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus d'fhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.”

20. Agus dúirt sé arís: “Cad leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid?

21. Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí peice plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”

22. Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim.

23. Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo:

24. “Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.

25. Tar éis d'fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’

26. Beidh sibh á rá ansin: ‘Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.’

27. Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!’

28. Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 13