Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 12:43-59 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

43. Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó.

44. Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é.

45. Ach má deir an seirbhíseach sin ina chroí: ‘Is é an teacht mall ag mo mháistir é,’ agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachaillí aimsire agus na gcailíní, agus ag ithe agus ag ól agus ag meisceoireacht,

46. tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó.

47. An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air;

48. ach an té nárbh eol dó í agus a rinne nithe ba dhíol buillí, gabhfar de bheagán buillí air. An té ar tugadh mórán dó, beifear ag lorg mórán uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air.

49. “Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!

50. Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích!

51. An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas.

52. Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt agus beirt le triúr;

53. athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.”

54. Dúirt sé freisin leis na sluaite: “Nuair a fheiceann sibh scamall ag éirí san iarthar, deir sibh láithreach: ‘Tá báisteach chugainn,’ agus is amhlaidh a bhíonn;

55. agus nuair a shéideann sé aneas, deir sibh: ‘Beidh teas ann,’ agus bíonn.

56. A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t‑am seo i láthair a léamh?

57. Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh?

58. Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh tú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam tú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún tú.

59. Deirim leat, ní thiocfaidh tú amach as sin nó go mbeidh an leathfheoirling dheireanach íoctha agat.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 12