Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 12:15-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”

16. Agus labhair sé parabal leo: “Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barraí breátha uaithi,

17. agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: ‘Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barraí?’

18. Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t‑arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu;

19. agus déarfaidh mé le m'anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’

20. Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’

21. Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.”

22. Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n‑abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh.

23. Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach.

24. Breathnaígí na fiacha dubha: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar, níl teach stórais acu ná scioból; agus tugann Dia bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná an éanlaith?

25. Cé agaibh a d'fhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?

26. Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh bheith imníoch faoi na rudaí eile?

27. Breathnaígí na lilí mar a fhásann siad: ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóire, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.

28. An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh!

29. Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin.

30. Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin.

31. Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith.

32. Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 12