Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 11:39-53 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

39. Ach dúirt an Tiarna leis: “Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.

40. A dhaoine gan chiall, nach é an Té a rinne an taobh amuigh a rinne an taobh istigh freisin?

41. Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta.

42. “Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n‑íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár.

43. “Is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí.

44. “Is mairg daoibh, mar go bhfuil sibh ar nós na dtuamaí nach bhfeictear, go mbíonn daoine ag siúl os a gcionn gan fhios dóibh féin.”

45. Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.”

46. Ach dúirt seisean: “Agus daoibhse freisin is mairg, dlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna.

47. Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n‑aithreacha a mharaigh iad!

48. Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n‑aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil.

49. Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,’

50. ionas go n‑éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain,

51. ó fhuil Áibil go dtí fuil Zachairias a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: sea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í.

52. Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.

53. Agus ar dhul amach as sin dó, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag cothú na mioscaise chuige thar fóir agus á shaighdeadh chun cainte faoi iomad nithe,

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 11