Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 11:31-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.

32. Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d'fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.

33. “Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse.

34. Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas.

35. Féach chuige, mar sin, nach mbíonn an solas atá ionat ina dhorchadas.

36. Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.”

37. Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord.

38. Ar a fheiceáil sin don Fhairisíneach, b'ionadh leis nach ndearna sé an t‑ionladh ar dtús roimh an bproinn.

39. Ach dúirt an Tiarna leis: “Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.

40. A dhaoine gan chiall, nach é an Té a rinne an taobh amuigh a rinne an taobh istigh freisin?

41. Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta.

42. “Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n‑íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 11