34. agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de.
35. Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’
36. Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?”
37. Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”
38. Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí.
39. Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar.
40. Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m'aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.”
41. Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.
42. Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”