Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 10:13-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. “Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.

14. Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse.

15. Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú!

16. An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

17. Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d'ainmse.”

18. Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.

19. Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.

20. Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”

21. An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.

22. Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus ní eol d'aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

23. Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse.

24. Óir deirim libh, b'áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 10