Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 7:48-60 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

48. Ar a shon sin ní chónaíonn an té is airde i dtithe lámhdhéanta, de réir mar a deir an fáidh:

49. ‘Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga,agus an talamh stól mo chos.Cén sórt tí a thógfaidh sibhse dom, arsa an Tiarna,nó cá mbeidh m'áit chónaithe?

50. Nach í mo lámhsa a rinne na nithe seo uile?’ ”

51. “Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.

52. Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,

53. sibhse a fuair an dlí trí bhíthin na n‑aingeal ach nár choimeád é.”

54. Chuaigh an chaint sin trí chroí a lucht éiste agus tháinig díoscán fiacla orthu chuige.

55. Ach bhí seisean lán den Spiorad Naomh, agus, ag féachaint in airde chun na bhflaitheas dó, chonaic sé glóir Dé agus Íosa ina sheasamh ar dheis Dé.

56. “Féach,” ar seisean, “feicim na flaithis ar oscailt agus Mac an Duine ina sheasamh ar dheis Dé.”

57. Leis sin lig siad béic ard astu agus gan éisteacht le focal eile thug siad ruathar faoi in éineacht,

58. thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. D'fhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól.

59. Fad a bhí siad á chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard á rá: “A Thiarna Íosa, glac chugat m'anam.”

60. Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: “A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.”Agus leis sin shíothlaigh sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7