29. Ar chlos na cainte sin do Mhaois, theith sé agus bhí sé ina dheoraí i Midián, áit ar ghin sé beirt mhac.
30. “Daichead bliain ina dhiaidh sin thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó i lasair an toir i bhfásach Shliabh Shíonái.
31. Chuir an radharc ionadh ar Mhaois, agus nuair a dhruid sé in aice an toir á bhreithniú, tháinig guth an Tiarna chuige:
32. ‘Mise Dia do shinsear, Dia Abrahám agus Íosác agus Iacóib.’ Thosaigh Maois ar chrith agus ní leomhfadh sé breithniú air.
33. Ansin labhair an Tiarna leis: ‘Bain díot do chuaráin,’ ar seisean, ‘mar is talamh naofa an ball ina bhfuil tú i do sheasamh.
34. Tá drochíde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa - tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé á bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’
35. “An Maois seo ar dhiúltaigh siad dó á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do réiteoir orainn,’ sin é an fear a sheol Dia chucu ina cheann agus ina fhuascailteoir le cabhair an aingil a thaispeáin é féin dó ag an tor.
36. Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus san fhásach ar feadh daichead bliain.
37. Sin é an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael: ‘Ardóidh Dia fáidh eile daoibh as bhur gcine féin faoi mar a d'ardaigh sé mise.’
38. Sin é an fear a bhí leis an bpobal san fhásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shíonái, agus i gcuideachta ár sinsear, agus a fuair briathra beo le tabhairt dúinne.
39. Ach ní ghéillfeadh ár sinsir dó: thug siad droim láimhe dó agus d'iompaigh a gcroí ar an Éigipt athuair,
40. á rá le hÁrón: ‘Déan dúinn déithe a ghluaisfidh romhainn. An Maois seo a sheol as tír na hÉigipte sinn, ní fheadramar cad a d'imigh air,’
41. agus rinne siad íomhá lao sna laethanta sin agus d'ofráil íobairt don íol agus rinne siad aoibhneas as saothar a lámh.
42. Ach d'iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe:‘Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairtar feadh daichead bliain san fhásach,a theaghlach Iosrael;
43. is both Mholoch a rinne sibh a iomparagus réalt Reafas, bhur ndia;b'shin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradhagus díbreoidh mé sibh thar Bablóin soir.’ ”
44. “Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir san fhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, d'ordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige.
45. Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus d'fhan sí ann go dtí aimsir Dháiví.
46. Fuair Dáiví gean ó Dhia agus d'iarr sé cead air áitreabh a fháil do Dhia Iacóib.
47. Ach ba é Solamh a thóg teach dó.
48. Ar a shon sin ní chónaíonn an té is airde i dtithe lámhdhéanta, de réir mar a deir an fáidh:
49. ‘Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga,agus an talamh stól mo chos.Cén sórt tí a thógfaidh sibhse dom, arsa an Tiarna,nó cá mbeidh m'áit chónaithe?