23. “Bhí sé ag tarraingt ar an daichead nuair a bhuail an smaoineamh é dul ag fiosrú a mhuintire féin, clann Iosrael.
24. Nuair a chonaic sé éagóir á dhéanamh ar dhuine acu, chuaigh sé á chosaint, threascair sé an tÉigipteach agus bhain díoltas amach don té a ndearnadh éagóir air.
25. Mheas sé go dtuigfeadh a mhuintir gur á bhfuascailt a chuir Dia chucu é, ach níor thuig.
26. Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a d'fhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, á rá: ‘A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?’
27. An fear a bhí ag déanamh na héagóra ar a chomharsa, bhrúigh sé Maois uaidh á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn?
28. An mé a mharú is áil leat mar a mharaigh tú an tÉigipteach úd inné?’
29. Ar chlos na cainte sin do Mhaois, theith sé agus bhí sé ina dheoraí i Midián, áit ar ghin sé beirt mhac.
30. “Daichead bliain ina dhiaidh sin thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó i lasair an toir i bhfásach Shliabh Shíonái.
31. Chuir an radharc ionadh ar Mhaois, agus nuair a dhruid sé in aice an toir á bhreithniú, tháinig guth an Tiarna chuige:
32. ‘Mise Dia do shinsear, Dia Abrahám agus Íosác agus Iacóib.’ Thosaigh Maois ar chrith agus ní leomhfadh sé breithniú air.
33. Ansin labhair an Tiarna leis: ‘Bain díot do chuaráin,’ ar seisean, ‘mar is talamh naofa an ball ina bhfuil tú i do sheasamh.
34. Tá drochíde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa - tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé á bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’
35. “An Maois seo ar dhiúltaigh siad dó á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do réiteoir orainn,’ sin é an fear a sheol Dia chucu ina cheann agus ina fhuascailteoir le cabhair an aingil a thaispeáin é féin dó ag an tor.
36. Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus san fhásach ar feadh daichead bliain.
37. Sin é an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael: ‘Ardóidh Dia fáidh eile daoibh as bhur gcine féin faoi mar a d'ardaigh sé mise.’