11. Ansin tháinig gorta ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanán. Lean cruatan mór é agus gan aon lón bia le fáil ag ár n‑aithreacha.
12. Nuair a chuala Iacób go raibh arbhar le fáil san Éigipt chuir sé ár n‑aithreacha ann don chéad uair.
13. Ar an dara turas nocht Iósaef é féin dá dheartháireacha agus fuair Forann fios cér díobh é Iósaef.
14. Ansin chuir Iósaef fios ar a athair, Iacób, agus ar an teaghlach go léir, cúig dhuine seachtód díobh san iomlán.
15. Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha.
16. Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Eamór i Seicim.
17. “Nuair a bhí an t‑am ag teacht go gcomhlíonfaí an gealltanas a thug Dia d'Abrahám, bhí ár muintir san Éigipt dulta i méad agus i líonmhaireacht
18. nó gur tháinig rí i gcoróin ann nárbh aithnid dó Iósaef.
19. D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.
20. “Ag an am seo is ea a rugadh Maois. Ba an-chaithiseach an leanbh é agus oileadh ar feadh trí mhí i dteach a athar é
21. ach nuair a cuireadh amach é, thóg iníon Fhorainn é agus rinne sí é a oiliúint amhail is dá mba mhac léi féin é.