Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 7:10-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. agus thug sé slán é ó gach gábhadh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fhorainn, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga.

11. Ansin tháinig gorta ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanán. Lean cruatan mór é agus gan aon lón bia le fáil ag ár n‑aithreacha.

12. Nuair a chuala Iacób go raibh arbhar le fáil san Éigipt chuir sé ár n‑aithreacha ann don chéad uair.

13. Ar an dara turas nocht Iósaef é féin dá dheartháireacha agus fuair Forann fios cér díobh é Iósaef.

14. Ansin chuir Iósaef fios ar a athair, Iacób, agus ar an teaghlach go léir, cúig dhuine seachtód díobh san iomlán.

15. Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha.

16. Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Eamór i Seicim.

17. “Nuair a bhí an t‑am ag teacht go gcomhlíonfaí an gealltanas a thug Dia d'Abrahám, bhí ár muintir san Éigipt dulta i méad agus i líonmhaireacht

18. nó gur tháinig rí i gcoróin ann nárbh aithnid dó Iósaef.

19. D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.

20. “Ag an am seo is ea a rugadh Maois. Ba an-chaithiseach an leanbh é agus oileadh ar feadh trí mhí i dteach a athar é

21. ach nuair a cuireadh amach é, thóg iníon Fhorainn é agus rinne sí é a oiliúint amhail is dá mba mhac léi féin é.

22. Múineadh eagna uile na nÉigipteach dó agus is é a bhí cumasach i mbriathar agus i ngníomh.

23. “Bhí sé ag tarraingt ar an daichead nuair a bhuail an smaoineamh é dul ag fiosrú a mhuintire féin, clann Iosrael.

24. Nuair a chonaic sé éagóir á dhéanamh ar dhuine acu, chuaigh sé á chosaint, threascair sé an tÉigipteach agus bhain díoltas amach don té a ndearnadh éagóir air.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7