Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 5:32-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh ar thug Dia é dóibh sin atá umhal dó.”

33. Arna chlos sin do mhuintir na sainidríne chuaigh siad chun báiní agus bhí fonn orthu iad a mharú.

34. Ach d'éirigh duine acu ina sheasamh sa tsainidrín, Fairisíneach darbh ainm Gamailíéil, máistir dlí a raibh meas ag an bpobal go léir air, agus d'iarr sé na fir a chur taobh amuigh den doras ar feadh tamaill.

35. Labhair sé ansin leo: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “tugaigí aire céard a dhéanfaidh sibh leis na daoine seo.

36. Tamall ó shin tháinig Tiúdas chun cinn agus é á mhaíomh gur dhuine mór le rá é féin agus thaobhaigh suas le ceithre chéad fear leis. Ach maraíodh é agus scaipeadh a lucht leanúna nó go ndeachaigh siad ar neamhní.

37. Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daonáirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir.

38. Agus is é a mholaim daoibhse anois, fanacht amach ó na daoine seo agus ligean dóibh. Más ó dhaoine an beart nó an obair seo, rachaidh sé ar neamhní;

39. ach más ó Dhia é ní bheidh ar bhur gcumas-sa iad seo a chur ar neamhní - agus b'fhéidir gur ag cur in aghaidh Dé a bheadh sibh.”Rinne siad rud air:

40. chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.

41. D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.

42. Agus ní stadaidís ach ag teagasc gach lá, sa Teampall agus ó theach go teach, agus ag fógairt an dea-scéil gurbh é Íosa an Críost.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 5