Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Anainias agus Saifíre

1. Ach bhí fear ann darbh ainm Anainias, é féin agus a bhean Saifíre. Dhíol sé a ghabháltas

2. agus, i bhfios dá bhean, choinnigh sé cuid den luach aige féin agus níor thug ach cuid de suas do na haspail.

3. Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin.

4. Fad a bhí an talamh i do sheilbh, nár leat féin é? Agus tar éis duit é a dhíol nach raibh a luach faoi do réir agat? Cad ab áil leat an rud seo a bheartú i do chroí? Ní do dhaoine a thug tú an t‑éitheach ach do Dhia.”

5. Ní luaithe an chaint sin cloiste ag Anainias ná thit sé marbh. Agus tháinig uamhan ar a raibh ag éisteacht.

6. Ansin d'éirigh na hógánaigh ina seasamh, chóirigh siad an corp, d'iompair amach é agus rinne é a adhlacadh.

7. Timpeall trí huaire a chloig ina dhiaidh sin tháinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tite amach.

8. Labhair Peadar léi: “Inis dom,” ar seisean, “an é seo an méid a fuair sibh ar an talamh?” “Is ea,” ar sise, “sin an méid.”

9. “Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras coiscéimeanna na ndaoine atá tar éis d'fhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.”

10. Agus thit sí marbh ar lár ag a chosa ar an toirt. Ar theacht isteach do na hógánaigh fuair siad marbh í agus d'ardaigh siad amach í gur adhlaic siad i taobh lena fear.

11. Tháinig uamhan ar an Eaglais go léir agus ar gach duine a chuala an scéal.

Míorúiltí

12. Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí á ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh

13. ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul i bpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu,

14. agus bhí líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí

15. sa tslí go mbíodh na hothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.

16. Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.

Na hAspail á nGabháil

17. Ansin chuir an t‑ardsagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir d'aicme na Sadúcach.

18. Le teann éada rinne said na haspail a ghabháil agus a chur sa phríosún poiblí.

19. Ach i rith na hoíche d'oscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, á rá leo

20. imeacht agus seasamh sa Teampall agus faisnéis iomlán a thabhairt don phobal ar an mbeatha seo.

21. Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc.Tháinig an t‑ardsagart agus a bhuíon, thionóil siad an tsainidrín - is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael - agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.

22. Ach nuair a shroich na feidhmeannaigh an príosún ní bhfuair siad ann iad, agus ar dhul ar ais dóibh, d'inis siad an scéal:

23. “Fuaireamar an príosún go daingean faoi ghlas,” ar siad, “bhí gardaí ina seasamh ag na geataí ach ar oscailt na ngeataí dúinn, ní bhfuaireamar duine ar bith istigh.”

24. Nuair a chuala ceannfort an Teampaill agus na hardsagairt an scéal seo, ní fhéadfaidís a thuiscint cad a bhí tite amach dóibh.

25. Leis sin tháinig duine ar an láthair le scéala: “Feach,” ar seisean, “na fir úd a chuir sibh i bpríosún, tá siad ina seasamh sa Teampall ag teagasc an phobail.”

26. Ansin d'imigh an ceannfort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad.

Os comhair na Sainidríne

27. Thug siad isteach iad agus chuir ina seasamh os comhair na sainidríne iad. Cheistigh an t‑ardsagart iad:

28. “Thugamar ordú daingean daoibh,” ar seisean, “gan teagasc a dhéanamh in ainm an duine seo, ach féach, tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh. Agus is áil libh bás an duine seo a leagan orainne.”

29. D'fhreagair Peadar agus na haspail eile: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.

30. Thóg Dia ár sinsear Íosa ó mhairbh tar éis daoibhse é a mharú, á chrochadh ar chrann.

31. D'ardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt d'Iosrael.

32. Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh ar thug Dia é dóibh sin atá umhal dó.”

Comhairle Ghamailíéil

33. Arna chlos sin do mhuintir na sainidríne chuaigh siad chun báiní agus bhí fonn orthu iad a mharú.

34. Ach d'éirigh duine acu ina sheasamh sa tsainidrín, Fairisíneach darbh ainm Gamailíéil, máistir dlí a raibh meas ag an bpobal go léir air, agus d'iarr sé na fir a chur taobh amuigh den doras ar feadh tamaill.

35. Labhair sé ansin leo: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “tugaigí aire céard a dhéanfaidh sibh leis na daoine seo.

36. Tamall ó shin tháinig Tiúdas chun cinn agus é á mhaíomh gur dhuine mór le rá é féin agus thaobhaigh suas le ceithre chéad fear leis. Ach maraíodh é agus scaipeadh a lucht leanúna nó go ndeachaigh siad ar neamhní.

37. Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daonáirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir.

38. Agus is é a mholaim daoibhse anois, fanacht amach ó na daoine seo agus ligean dóibh. Más ó dhaoine an beart nó an obair seo, rachaidh sé ar neamhní;

39. ach más ó Dhia é ní bheidh ar bhur gcumas-sa iad seo a chur ar neamhní - agus b'fhéidir gur ag cur in aghaidh Dé a bheadh sibh.”Rinne siad rud air:

40. chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.

41. D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.

42. Agus ní stadaidís ach ag teagasc gach lá, sa Teampall agus ó theach go teach, agus ag fógairt an dea-scéil gurbh é Íosa an Críost.