Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 4:31-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.

32. Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.

33. Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile.

34. Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad

35. agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá.

36. Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef - Barnabas a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”.

37. Dhíol sé an gort, rug leis an luach agus thug suas do na haspail é.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 4