Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 3:3-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Nuair a chonaic sé Peadar agus Eoin ar tí dul isteach, d'iarr sé déirc orthu.

4. Stán Peadar air agus Eoin chomh maith. “Féach orainn,” arsa Peadar leis,

5. agus d'fhéach sé orthu go daingean le súil go bhfaigheadh sé rud éigin uathu.

6. Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”

7. Leis sin rug sé ar láimh dheas air agus thóg aníos é. Ar an mball tháinig lúth sna cosa agus sna hailt aige,

8. léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé.

9. Thug an pobal go léir faoi deara é ag léimneach agus ag moladh Dé

10. agus nuair a d'aithin siad gurbh é an fear a bhíodh ina shuí ag Geata Álainn an Teampaill é, ghabh ionadh agus alltacht iad faoinar tharla dó.

11. Choinnigh an fear greim ar Pheadar agus ar Eoin agus rith an slua go léir chucu i bPóirse Sholaimh mar a thugtar air, agus uafás orthu.

12. Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo?

13. Ní hea sin ach gur thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, Dia ár n‑aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibhse ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phioláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor.

14. Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d'iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir.

15. Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.

16. “Is é an t‑ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d'fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.

17. “Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna.

18. Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt.

19. Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,

20. nó go dtiocfaidh tréimhse an fhaoisimh chugaibh ó láthair an Tiarna agus go seolfaidh sé chugaibh Íosa, an Meisias atá in áirithe aige daoibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 3