Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 3:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Peadar agus Eoin lá ag dul suas chun an Teampaill i gcomhair urnaithe an tráthnóna

2. agus bhí fear á iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall.

3. Nuair a chonaic sé Peadar agus Eoin ar tí dul isteach, d'iarr sé déirc orthu.

4. Stán Peadar air agus Eoin chomh maith. “Féach orainn,” arsa Peadar leis,

5. agus d'fhéach sé orthu go daingean le súil go bhfaigheadh sé rud éigin uathu.

6. Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”

7. Leis sin rug sé ar láimh dheas air agus thóg aníos é. Ar an mball tháinig lúth sna cosa agus sna hailt aige,

8. léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé.

9. Thug an pobal go léir faoi deara é ag léimneach agus ag moladh Dé

10. agus nuair a d'aithin siad gurbh é an fear a bhíodh ina shuí ag Geata Álainn an Teampaill é, ghabh ionadh agus alltacht iad faoinar tharla dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 3