Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 2:36-47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. “Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.”

37. Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”

38. Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;

39. mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl - don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”

40. Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.”

41. An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.

42. Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.

43. Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.

44. Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu;

45. dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid.

46. Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí

47. agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 2