Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 2:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair.

2. Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fad ina raibh siad ina suí.

3. Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu;

4. agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.

5. Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim

6. agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acusan.

7. Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint?

8. Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin?

9. Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise,

10. Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh

11. idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos inár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”

12. Bhí alltacht agus mearbhall orthu go léir agus deiridís le chéile: “Cad is ciall leis seo?”

13. Ach is é a deireadh cuid eile acu le teann fonóide: “Lán d'fhíon úr atá siadsan.”

14. Ansin d'éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:“A fheara Iúdá,” ar seisean, “agus a mhuintir uile Iarúsailéim, bíodh a fhios agaibh é seo agus tugaigí cluas dá bhfuil á rá agamsa:

15. Ní ar meisce atá na daoine seo mar is dóigh libhse, mar nach bhfuil sé ach a naoi a chlog ar maidin.

16. Ní hea, ach is é seo an ní ar thrácht Ióéil fáidh air:

17. ‘Tarlóidh sna laethanta deireanacha,’arsa an Tiarna,‘go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine,agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht.Feicfidh bhur bhfir óga aislingí,agus déanfar taibhreamh do bhur seanóirí.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 2