Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 1:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús

2. go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige.

3. I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé.

4. Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d'ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air:

5. rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”

6. Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?”

7. Ach d'fhreagair sé iad: “Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin.

8. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”

9. Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d'ardaigh scamall as a radharc é.

10. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n‑aice.

11. “A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”

12. Ar ais leo ansin go Iarúsailéim ó Chnoc na nOlóg mar a thugtar air, cnoc atá i ngiorracht siúl lá sabóide do Iarúsailéim.

13. Nuair a shroich siad an chathair chuaigh siad in airde go dtí an seomra uachtarach mar a raibh siad ag baint fúthu: bhí Peadar ann, Eoin agus Séamas, Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán, Matha agus Séamas Alfáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Shéamais.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 1