Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galataigh 6:11-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Féachaigí na litreacha móra seo ina bhfuilim ag scríobh chugaibh le mo láimh féin.

12. Na daoine seo atá ag brú an timpeallghearrtha oraibh, is iadsan ar mhaith leo bheith taibhseach sa cholainn agus gan d'aidhm acu ach go n‑éalóidís ó ghéarleanúint mar gheall ar chrois Chríost.

13. Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeallghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibhse a bheith timpeallghearrtha d'fhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn.

14. Nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimse céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom.

15. Is cuma timpeallghearradh, nó gan timpeallghearradh, ach cruthú as an nua.

16. Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé.

17. Ná bíodh aon duine do mo bhuaireamh as seo amach, mar tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam.

18. Go raibh grásta ar dTiarna Íosa Críost agaibh, a bhráithre. Amen.

Léigh chaibidil críochnaithe Galataigh 6