Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galataigh 6:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis.

2. Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost.

3. Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is á mhealladh féin atá sé.

4. Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile.

5. Mar beidh a ultach féin le hiompar ag cách.

6. An duine a bhíonn ag foghlaim an chreidimh, roinneadh sé a chuid maoine ar a oide múinte.

Léigh chaibidil críochnaithe Galataigh 6