Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galataigh 5:21-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.

22. Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,

23. láchas agus measarthacht. Agus níl aon reacht in aghaidh a leithéidí sin!

24. Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois.

25. Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir.

26. Agus ná bímis mórchúiseach ná ag saighdeadh a chéile ná ag éad le chéile.

Léigh chaibidil críochnaithe Galataigh 5