Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galataigh 5:13-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá.

14. Mar is féidir an dlí ar fad a chur in aon abairt amháin: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”

15. Ach má leanann sibh ag ithe agus ag gearradh a chéile, bígí aireach, ar eagla go millfeadh sibh a chéile ar fad.

16. Is é a mheasaim a rá: mairigí faoi luí an Spioraid, agus níl aon bhaol go ngéillfidh sibh d'ainmhianta na colainne.

17. Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh.

18. Más é an Spiorad atá do bhur stiúradh níl sibh faoi smacht ag an dlí.

19. Is follas iad gníomhartha na colainne, mar atá drúis gáirsiúlacht agus graostacht;

20. íoladhradh agus asarlaíocht; eascairdeas, achrann, agus formad; fearg, bruíonta, clampar agus faicsin,

21. éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.

22. Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,

23. láchas agus measarthacht. Agus níl aon reacht in aghaidh a leithéidí sin!

24. Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois.

25. Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir.

Léigh chaibidil críochnaithe Galataigh 5