Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galataigh 4:8-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Lá den saol nuair nach raibh aon aithne agaibh ar Dhia, bhí sibh ag seirbhís do dhéithe nár dhéithe iad dáiríre.

9. Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d'fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?

10. Agus sibh ag comóradh laethanta féile agus míonna agus ráithí agus blianta!

11. Is eagal liom gur in aisce a chaith mé dua libh!

12. Impím oraibh, a bhráithre, teacht ar aon dul liomsa faoi mar a tháinig mise ar aon dul libhse. Ní dhearna sibh aon éagóir orm.

13. Tá a fhios agaibh gurb easláinte choirp faoi deara dom an dea-scéal a fhógairt daoibh don chéad uair;

14. agus bíodh gur mhór an chros oraibh an bhreoiteacht chéanna níor ghlac sibh col ná déistin liom ach fáiltiú romham mar a d'fháilteodh sibh roimh aingeal ó Dhia nó roimh Íosa Críost féin.

15. Cad a d'imigh ar bhur gcroíúlacht? Ar m'fhocal daoibh go sracfadh sibh bhur súile amach agus iad a thabhairt dom, dá mb'fhéidir é.

16. An bhfuilim i mo namhaid anois agaibh de chionn go bhfuilim ag insint na fírinne?

17. Ní le dea-rún atá na daoine eile úd ag déanamh cúraim mhóir díbhse; níl uathu ach sinne a dhealú amach uaibh ionas go ndéanfadh sibhse cúram mór díobh féin.

18. Is breá an rud mór a bheith á dhéanamh díbh má dhéantar le dea-chroí é agus ní amháin nuair a bhím in bhur láthair ach an t‑am ar fad.

19. A chlann ó, táim mar bheinn ar luí seoil libh arís nó go gcumtar Críost ionaibh.

20. Is trua nach bhfuilim in bhur measc an nóiméad seo agus bheadh a mhalairt de phort agam daoibh, de bhrí go bhfuilim i ngalar na gcás agaibh.

21. Sibhse arb áil libh bheith faoi réir an dlí, ceist agam oraibh: an gcloiseann sibh a bhfuil le rá ag an dlí?

Léigh chaibidil críochnaithe Galataigh 4