Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galataigh 4:18-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Is breá an rud mór a bheith á dhéanamh díbh má dhéantar le dea-chroí é agus ní amháin nuair a bhím in bhur láthair ach an t‑am ar fad.

19. A chlann ó, táim mar bheinn ar luí seoil libh arís nó go gcumtar Críost ionaibh.

20. Is trua nach bhfuilim in bhur measc an nóiméad seo agus bheadh a mhalairt de phort agam daoibh, de bhrí go bhfuilim i ngalar na gcás agaibh.

21. Sibhse arb áil libh bheith faoi réir an dlí, ceist agam oraibh: an gcloiseann sibh a bhfuil le rá ag an dlí?

22. Óir tá scríofa go raibh beirt mhac ag Abrahám, mac acu ón daorbhean agus an duine eile ón tsaorbhean.

23. Rugadh mac na daormhná ar an ngnáthshlí ach is de bharr gealltanais a rugadh mac na saormhná.

24. Tá fáthchiall leis an méid sin: seasann an bheirt bhan sin don dá chonradh. Bean amháin acu, is é sin le rá, Hágár, a rug a leanbh i ndaoirse, seasann sí sin don chonradh a tugadh ar Shliabh Shíonái -

25. sliabh san Aráib is ea Síonái agus freagraíonn sí do Iarúsailéim an lae inniu mar go bhfuil Iarúsailéim agus a clann i ndaorbhroid.

26. Is saorbhean, áfach, an Iarúsailéim neamhaí, agus is ise is máthair dúinne

27. mar tá scríofa:“Bíodh gliondar ort, a bhean aimrid nár shaolaigh clann!Ardaigh do liú a bhean nach raibh riamh ar luí seoil.Óir is líonmhaire clann na mná tréigthena clann na mná a bhfuil fear aici.”

28. Is sibhse, a bhráithre, an chlann a rugadh de bharr gealltanais, dála Íosác.

29. Ach faoi mar a tharla an uair úd go mbíodh an mac a rugadh go nádúrtha ag géarleanúint an mhic a rugadh faoi luí an Spioraid, is é an dála céanna inniu é.

30. Ach cad é seo a deir an scrioptúr: “Caith amach an daorbhean agus a mac, mar ní bheidh aon pháirt go deo ag mac na daormhná in oidhreacht mhac na saormhná.”

31. Dá réir sin, a bhráithre, ní clann daormhná sinne ach clann na saormhná.

Léigh chaibidil críochnaithe Galataigh 4