Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galataigh 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Is é an Creideamh a Fhíréanaíonn an Duine

1. A Ghalatacha gan chiall, cé a d'imir an draíocht oraibh tar éis an léiriú gléineach a tugadh daoibh ar Íosa Críost céasta?

2. Tá aon cheist amháin agam oraibh: an de bharr an dlí a chomhlíonadh a fuair sibh an Spiorad, nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht a chuala sibh?

3. Conas a d'fhéadfadh sibh bheith chomh héaganta sin? Tar éis daoibh tosú leis an Spiorad, an bhfuil sibh ag críochnú anois leis an gcolainn?

4. An saothar in aisce a bhfuil gafa tríd agaibh? má ba in aisce é.

5. Nuair a bhronnann Dia an Spiorad oraibh agus éachtaí a dhéanamh in bhur measc, an de bharr an dlí a chomhlíonadh a dhéanann sé amhlaidh nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht

6. dála mar a rinne Abrahám; chreid seisean Dia agus áiríodh ina fhíréantacht aige é.

7. Bíodh a fhios agaibh mar sin gurb iad lucht an chreidimh atá ina gclann ag Abrahám.

8. Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a fhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin d'Abrahám: “Beannófar ionatsa na náisiúin uile.”

9. Fágann sin gurb iad lucht an chreidimh atá beannaithe mar aon le hAbrahám, fear an chreidimh.

10. Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: “Is mallaithe gach n‑aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcrích.”

11. Is léir nach bhfíréanaítear duine ar bith ag an dlí i bhfianaise Dé, mar “is le creideamh a mhairfidh an fíréan”.

12. Ní ar chreideamh atá an dlí ag brath, áfach, mar is é a deirtear sa dlí “an té a dhéanfaidh na nithe seo beidh sé beo dá mbarr”.

13. Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”

14. Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta.

Ní Chealaíonn an Dlí an Gealltanas

15. Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi.

16. Anois, is d'Abrahám agus dá shíol a tugadh na gealltanais, agus féach ní “do do shíolta” atá ráite faoi mar bheifí ag tagairt dá lán daoine, ach “do do shíol” - ag tagairt don aon duine amháin, is é sin, do Chríost.

17. Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní.

18. Más le ceart dlí a thagann an oidhreacht, ní de bharr gealltanais í a thuilleadh. Is trí ghealltanas, áfach, a bhronn Dia ar Abrahám í.

Feidhm an Dlí

19. Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idirghabhálaí.

20. Níl feidhm le hidirghabhálaí ag duine aonair agus is aon Dia.

21. An bhfuil an dlí bunoscionn le gealltanais Dé mar sin? Níl ar chor ar bith. Dá dtugtaí dlí, áfach, a mbeadh ar a chumas beatha a thabhairt, bheadh fíréantacht ag teacht ón dlí dáiríre;

22. ach dhaingnigh an scrioptúr an uile ní faoi ghlas an pheaca, ar shlí go dtabharfaí ar gealladh do chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh sin.

Sochar an Chreidimh

23. Sular tháinig an creideamh, bhíomar dár gcoimeád faoi ghlas i ngéibheann ag an dlí nó go nochtfaí an creideamh a bhí le teacht.

24. Dá bhrí sin, bhí an dlí mar a bheadh giolla againn nó go dtiocfadh Críost agus go bhfíréanófaí sinn tríd an gcreideamh.

25. Anois, áfach, nuair atá an creideamh tagtha nílimid faoi smacht an ghiolla a thuilleadh,

26. mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost.

27. Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige mar éide.

28. Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.

29. Agus más le Críost sibh, is síol Abrahám sibh chomh maith agus tá sibh in bhur n‑oidhrí aige de réir mar a bhí geallta.