Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galataigh 2:5-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. ach níor ghéilleamarna oiread agus nóiméad dóibh. Chuireamar ina gcoinne le hionchas go gcoimeádfaí fírinne an dea-scéil ar láimh shábháilte daoibhse.

6. Ach i dtaca leis na daoine measúla orthu - is cuma liomsa a chéimiúla a bhí siad mar ní fhéachann Dia ar phearsa seachas a chéile - ach níor chuir na cinn urra seo aon dualgas breise ormsa,

7. ach a mhalairt; d'aithin siad go raibh fógairt an dea-scéil don mhuintir gan timpeallghearradh curtha ina chúram ormsa chomh maith céanna agus a bhí fógairt an dea-scéil do lucht an timpeallghearrtha ina chúram ar Pheadar;

8. mar an té úd a bhí ag obair i bPeadar ina mhisean chuig lucht an timpeallghearrtha is é a bhí ag obair ionamsa i mo mhisean chuig na gintlithe.

9. Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.

10. Níor chuir siad d'agús sa scéal ach go gcuimhneoimis ar na boicht, an rud céanna díreach a raibh fonn orm féin a dhéanamh.

11. Rud eile de, nuair a tháinig Céafas go hAintíoch, chuir mé ina choinne lena bhéal mar bhí sé san éagóir.

12. Chaitheadh sé bia leis na gintlithe nó gur tháinig daoine áirithe do bhuíon Shéamais ar an láthair, ach an túisce a tháinig siadsan thosaigh sé ag cúbadh chuige agus ag fanacht amach ó na gintlithe le heagla mhuintir an timpeallghearrtha.

13. Agus ghabh an chuid eile de na Giúdaigh páirt leis sa chlaidhreacht i dtreo gur baineadh Barnabas féin dá threoir lena gcuid fimínteachta.

14. Ach nuair a thug mé féin faoi deara nach raibh siad ionraic faoi fhírinne an dea-scéil, dúirt mé le Céafas i bhfianaise chách: “Má mhaireann tusa ar an nós gintlí in áit an nóis Ghiúdaigh ar a shon gur Giúdach tú féin, conas is féidir duit mar sin a thabhairt ar na gintlithe an nós Giúdach a leanúint?”

15. Is Giúdaigh ó dhúchas sinne agus ní aon pheacaigh de shliocht gintlí atá ionainn.

16. Tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomhlíonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar “ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comhlíonadh an dlí”.

17. Ach má fhaightear go bhfuilimidne peacúil leis agus sinn ag lorg na fíréantachta i gCríost, an bhfuil, más ea, lámh ag Críost sa pheaca? Níl ar chor ar bith!

18. Má dhéanaim-sé, áfach, an córas a leag mé ar lár a chur suas arís, cruthaím ansin go bhfuilim ciontach.

Léigh chaibidil críochnaithe Galataigh 2