Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galataigh 1:14-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear.

15. Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta -

16. nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith

17. ná ní dheachaigh mé suas go Iarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n‑aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin.

18. Trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go Iarúsailéim ag fiosrú Chéafais agus thug mé coicís ina theannta,

19. ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna.

20. Dearbhaím i bhfianaise Dé nach bhfuil focal bréige ina bhfuil á scríobh agam.

21. Agus is go dúichí na Síre agus na Siléise a chuaigh mé ina dhiaidh sin.

22. Ní raibh aithne súl fós ag eaglais Chríost in Iúdáia orm;

23. ní raibh acu ach scéal scéil “faoin duine úd a bhíodh dár ngéarleanúint tráth agus atá anois ag craobhscaoileadh an chreidimh a bhíodh sé ag iarraidh a scriosadh roimhe seo,”

24. agus thugaidís glóir do Dhia mar gheall orm.

Léigh chaibidil críochnaithe Galataigh 1