1. Mise Pól aspal - ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus Dia an tAthair, a thóg ó mhairbh é.
2. Táim féin agus a bhfuil i mo theannta de na bráithre ag cur ár mbeannachta chuig eaglaisí na Galaite.
3. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost
4. a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair