Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 4:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna.

6. Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.

7. Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag gardáil bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost.

8. Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n‑aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta.

9. Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúin mé daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh nó a chonaic sibh mé a dhéanamh, beidh Dia na síochána faraibh.

10. Bhí ardáthas orm sa Tiarna gur tháinig athbhláth faoi dheireadh thiar ar an tsuim atá agaibh ionam i gcónaí ach gan aon chaoi agaibh í a thaispeáint.

11. Ní ag casaoid faoin ngannchúis atáim mar tá foghlamtha agamsa bheith sásta lena bhfuil agam.

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 4