Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 4:17-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ach ní hé bhur síntiús is mór agamsa ach an brabach iomadúil atá ag dul daoibh.

18. Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia.

19. Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.

20. Moladh le Dia, ár nAthair, le saol na saol. Amen.

21. Beirigí beannacht chun gach duine den phobal naofa in Íosa Críost. Cuireann na bráithre atá in éineacht liom a mbeannacht chugaibhse.

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 4