Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 4:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m'aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.

2. Impím ar Euoidia agus ar Shinticé teacht chun muintearais le chéile sa Tiarna;

3. agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.

4. Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh.

5. Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna.

6. Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 4