9. agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m'fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh.
10. Níl uaim anois ach aithne a chur ar [Chríost] agus ar éifeacht a aiséirí, ar bheith páirteach leis ina phiolóidí agus bheith cosúil leis ina bhás
11. le hionchas go dtiocfainn ar shlí éigin chun an aiséirí ó mhairbh.
12. Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost.
13. Sea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl á dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham
14. agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam - an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost.
15. An méid againn atá tagtha in inmhe fir, bíodh an dearcadh sin againn. Ach má tá a mhalairt de dhearcadh agaibhse faoi rud ar bith, cuirfidh Dia ar an eolas sibh faoi sin freisin.
16. Cibé scéal é leanaimis den bhóthar atá gafa againn go dtí seo.
17. Déanaigí aithris ormsa le chéile, a bhráithre. Bígí ag faire ar na daoine a dhéanann de réir an tsampla a thugaimid daoibh.
18. Is minic ráite agam cheana libh - agus deirim libh anois é go deorach - go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost.
19. Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu.