Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 3:7-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Na buntáistí seo a bhí agam, áfach, tá áirithe anois agam gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chríost.

8. Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú

9. agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m'fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh.

10. Níl uaim anois ach aithne a chur ar [Chríost] agus ar éifeacht a aiséirí, ar bheith páirteach leis ina phiolóidí agus bheith cosúil leis ina bhás

11. le hionchas go dtiocfainn ar shlí éigin chun an aiséirí ó mhairbh.

12. Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost.

13. Sea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl á dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham

14. agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam - an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost.

15. An méid againn atá tagtha in inmhe fir, bíodh an dearcadh sin againn. Ach má tá a mhalairt de dhearcadh agaibhse faoi rud ar bith, cuirfidh Dia ar an eolas sibh faoi sin freisin.

16. Cibé scéal é leanaimis den bhóthar atá gafa againn go dtí seo.

17. Déanaigí aithris ormsa le chéile, a bhráithre. Bígí ag faire ar na daoine a dhéanann de réir an tsampla a thugaimid daoibh.

18. Is minic ráite agam cheana libh - agus deirim libh anois é go deorach - go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost.

19. Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu.

20. Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost.

21. Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 3