Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 3:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus mar fhocal scoir, a bhráithre liom, bíodh áthas oraibh sa Tiarna. Níl leisce ar bith orm a bhfuil scríofa cheana agam a scríobh arís chugaibh mar is é bhur leas é.

2. Seachnaígí na gadhair! Seachnaígí lucht na mioscaise! Seachnaígí lucht ciorraithe an choirp!

3. Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,

4. siúd is go bhféadfainnse bheith teann as an gcolainn chomh maith le cách. Go deimhin cibé duine eile atá teann as an gcolainn, is mó ná sin an bun atá agamsa le bheith amhlaidh:

5. de shliocht Iosrael mé, de threibh Bhiniáimin, Eabhrach den fhíorfhuil Eabhrach, agus timpeallghearradh mé ar an ochtú lá. I dtaca leis an dlí bhí mé i m'Fhairisíneach;

6. i dtaca le díograis chreidimh bhí mé i mo ghéarleantóir ar an Eaglais, agus i dtaca le fíréantacht dhlithiúil bhí mé gan cháim.

7. Na buntáistí seo a bhí agam, áfach, tá áirithe anois agam gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chríost.

8. Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú

9. agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m'fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 3