Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 2:20-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibhse.

21. Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.

22. Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair.

23. Más ea, táim ag brath ar é a chur (chugaibh) an túisce a bheidh a fhios agam conas a bheidh an scéal agam féin.

24. Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith.

25. Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.

26. Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.

27. Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air - agus ní air sin amháin é ach ormsa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé.

28. Is móide dá chionn sin an fonn atá orm é a chur ar ais chugaibh mar go mbeidh áthas oraibhse é a fheiceáil agus go laghdóidh sin mo bhuairtse.

29. Cuirigí fíorchaoin fáilte roimhe sa Tiarna dá bhrí sin, agus bíodh meas agaibh ar a leithéid 30 mar is ar mhaithe le gnó an Tiarna a chuaigh sé i mbaol an bháis agus chuir a bheo i bhfiontar ag tabhairt na cabhrach domsa a bhí thar bhur gcumas-sa a thabhairt.

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 2