Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 2:20-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibhse.

21. Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.

22. Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair.

23. Más ea, táim ag brath ar é a chur (chugaibh) an túisce a bheidh a fhios agam conas a bheidh an scéal agam féin.

24. Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith.

25. Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.

26. Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.

27. Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air - agus ní air sin amháin é ach ormsa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 2