20. Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibhse.
21. Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.
22. Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair.
23. Más ea, táim ag brath ar é a chur (chugaibh) an túisce a bheidh a fhios agam conas a bheidh an scéal agam féin.
24. Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith.
25. Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.
26. Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.