Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 2:2-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne.

3. Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.

4. Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith.

5. Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost:

6. An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas,níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia,

7. Ach lom sé é féin.Agus chuir áir riocht an sclábhaagus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.

8. Agus ar theacht ann dó i gcló daonna,d'ísligh sé é féinagus bhí umhal go bás -go bás na croise féin.

9. Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta éagus bhronn air an t‑ainm úd atá os cionn gach ainm,

10. i dtreo nuair a luafaí ainm Íosago gcromfadh glúin gach neachdá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann

11. agus go ndearbhódh gach teanga,in ómós do Dhia an tAthair,gurb é Íosa Críost an Tiarna.

12. Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla,

13. mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin.

14. Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeadh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon

15. agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 2