Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 2:18-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Bíodh an t‑áthas céanna oraibhse agus déanaigí comhghairdeas liomsa.

19. Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfeadh bhur dtuairisc éirí croí orm.

20. Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibhse.

21. Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.

22. Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair.

23. Más ea, táim ag brath ar é a chur (chugaibh) an túisce a bheidh a fhios agam conas a bheidh an scéal agam féin.

24. Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith.

25. Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.

26. Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 2