Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 1:23-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.

24. Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libhse.

25. Ós deimhin liom sin, tá a fhios agam go bhfanfaidh mé ann go fóill chun cuidiú libhse uile d'fhonn bhur gcreideamh a chur chun cinn agus bhur lúcháir ann a mhéadú,

26. i dtreo nuair a thiocfaidh mé arís chugaibh go mbeidh sibh níos bródúla ná riamh asam in Íosa Críost.

27. Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost. Sa tslí sin, cibé acu a thagaim do bhur bhfeiceáil nó a bheidh mé i bhfad uaibh, beidh sé le clos agam in bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh an fhóid san aon spiorad agus ag troid gualainn ar ghualainn d'aontoil ar son chreideamh an dea-scéil,

28. agus gan eagla ar bith oraibh roimh bhur naimhde. Is cruthú é sin go bhfuil bascadh i ndán dóibhsean ag Dia agus bhur slánú i ndán daoibhse.

29. Mar tá sé faighte de phribhléid agaibhse as ucht Chríost ní amháin creideamh a bheith agaibh ann ach fulaingt ar a shon chomh maith.

30. Tá an comhrac céanna le tabhairt agaibhse a chonaic sibh á thabhairt agamsa agus a chloiseann sibh a bheith á thabhairt agam anois féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 1