Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filipigh 1:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.

2. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna.

3. Gach uair dá gcuimhním oraibh gabhaim buíochas le mo Dhia

4. agus gach uair a bhím ag guí déanaim guí oraibh uile go lúcháireach,

5. mar gheall ar an bpáirt a bhí agaibh sa dea-scéal ón gcéad lá riamh go dtí inniu.

6. Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost.

7. Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.

8. Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.

9. Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana,

Léigh chaibidil críochnaithe Filipigh 1