Caibidlí

  1. 1

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Filéamón 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,

2. don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Airchipeas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat.

3. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

4. Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m'urnaithe.

5. Mar tá iomrá á chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile.

6. Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint.

7. Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa.

8. Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin

9. is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d'achainí ort - mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost,

10. tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann.

11. Ba bheag an chabhair duitse tráth é ach is fóinteach duitse agus domsa anois é.

12. Is é cnú mo chroí é ach táim á chur ar ais chugat,

13. cé go mb'fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil.

14. Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é.

15. B'fhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air,

16. ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.

17. Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a d'fháilteofá romham féin.

18. Agus cibé eágóir a rinne sé ort nó cibé fiacha atá air, cuir ar mo chuntas-sa é.

19. Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo láimh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil d'anam féin mar fhiacha agam ort.

20. Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost.

21. Agus mé á scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim.

22. Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n‑urnaithe.

23. Cuireann Eipeafras, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe

24. Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.

25. Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh.