6. Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill
7. agus dúirt sé leis: “Imigh agus nigh i Linn Siolóam” - is é sin le rá, Seolta. D'imigh sé, nigh é féin agus d'fhill agus a radharc aige.
8. Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.”
9. Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.”
10. Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?”
11. D'fhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D'imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.”
12. D'fhiafraigh siad: “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar sé.
13. Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth.
14. Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d'oscail sé súile an duine.
15. D'fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: “Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.”
16. Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu.
17. Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó d'oscail sé do shúile?” D'fhreagair sé: “Fáidh is ea é.”
18. Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc
19. agus gur cheistigh siad iad: “An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?” ar siad. “Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?”