34. D'fhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.
35. Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?”
36. D'fhreagair seisean: “Cé hé féin, a thiarna?” - ar sé leis - “chun go gcreidfinn ann.”
37. Dúirt Íosa leis: “Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é.”
38. Dúirt seisean: “Creidim, a Thiarna,” agus rinne sé ómós dó.
39. Dúirt Íosa:“Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo,i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann,agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”
40. Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”