20. D'fhreagair a thuismitheoirí: “Is eol dúinn,” ar siad, “gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é.
21. Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d'oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.”
22. Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d'admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg.
23. Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: “Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.”
24. Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”
25. D'fhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é - níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.”
26. Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a d'oscail sé do shúile?”
27. D'fhreagair sé iad: “D'inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?”
28. Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: “Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne.
29. Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.”
30. D'fhreagair an fear: “Is iontach an rud é go deimhin,” ar sé leo, “nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa.
31. Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.