Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 9:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn.

2. D'fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?”

3. D'fhreagair Íosa: “Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.

4. Fad tá an lá ann, ní mór dúinnoibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh;tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d'aon duineobair a dhéanamh.

5. An fad atáim ar an saolis mé solas an tsaoil.”

6. Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill

7. agus dúirt sé leis: “Imigh agus nigh i Linn Siolóam” - is é sin le rá, Seolta. D'imigh sé, nigh é féin agus d'fhill agus a radharc aige.

8. Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.”

9. Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.”

10. Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 9