Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 8:36-56 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. Má shaorann an mac sibh dá bhrí sinbeidh sibh saor dáiríre.

37. Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh,ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú,mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.

38. Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m'Athair.Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibhó bhur n‑athair.”

39. D'fhreagaír siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n‑athair.” Dúirt Íosa leo:“Más clann d'Abrahám sibh,déanaigí mar a rinne Abrahám.

40. Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú,duine a labhair an fhírinne libh,faoi mar a chuala í ó m'Athair.Ní dhearna Abrahám é sin.

41. Déanann sibhse obair bhur n‑athar féin.”Dúirt siad leis: “Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.”

42. Dúirt Íosa leo:“Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa.Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé;mar ní uaim féin a tháinig mé,ach chuir seisean uaidh mé.

43. Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint?De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.

44. Is ón diabhal, mar athair, sibhseagus is iad mianta bhur n‑athara theastaíonn uaibh a dhéanamh.Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús,agus níor sheas sé san fhírinne,mar níl aon fhírinne ann.Nuair a labhraíonn sé an bhréaglabhraíonn sé as a stór féin,mar is bréagaire éagus is é athair an bhréagaire é.

45. Ach de bhrí go labhraímse an fhírinne,ní chreideann sibhse mé.

46. Cén duine agaibha dhéanfaidh mé a chiontú in éagóir?Má labhraím an fhírinne,cén fáth nach gcreideann sibh mé?

47. An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé.Is é fáth nach n‑éisteann sibhse,de bhrí nach ó Dhia sibh.”

48. D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:

49. “Níl aon deamhan ionam,ach tugaim onóir do m'Athairagus tugann sibhse easonóir dom.

50. Ní ag lorg mo ghlóire féin atáim;tá Neach a lorgaíonn m'onóir agus a thugann breith.

51. Amen, Amen, a deírim libh,má choinníonn aon duine mo bhriatharsaní fheicfidh sé bás choíche.”

52. Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’

53. An ea gur mó thusa ná ár n‑athair Abrahám atá marbh? Agus na fáithe freisin, tá siad marbh. Cé tá tú a dhéanamh díot féin?”

54. D'fhreagair Íosa:“Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin,ba neamhní mo ghlóir.Is é m'Athair a dhéanann mé a ghloiriú,an té a ndeir sibhse mar gheall air:‘Is é ár nDia é.’

55. Ach níl aithne agaibh air.Tá aithne agamsa air, áfach.Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’bheinn cosúil libhse, bréagach.Ach tá aithne agam air,agus coinním a bhriathar.

56. Rinne Abrahám bhur n‑athair lúcháirgo bhfeicfeadh sé mo lá-sa.Chonaic, agus bhí áthas air.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 8